An téacs:
Beochan
Tá sé ina gheimhreadh anois le trí bliana is í i dteannta ag luascadh le dorchadas a leannáin, i mbráca gan fuinneog, doras ná teacht as. A anáil ar chúl a muiníl, a mhéara ag tolladh a cinn mar bhál bolla. A ghlór ag tonnadh óna beola, ag scairdeadh, ag meadráil, urnaí is eascainí gan aithint. Fiabhras is tinneas, scís is múisiam masmais. Suíonn sí leis. Faoi mheáchan a phluid iarrainn. Faoi chlóca a chreidimh.
Nuair a dhéanfaidh an solas briollacadh trí scailp idir áirsí an dorais is cláir adhmaid an úrláir, nuair a bheidh bachlóga ar ghéaga ag beochan mar a bheidís lán, líonta thar maoil le fuinneamh, fanacht is fuil nua, bogfar. Is sínfidh seisean siar mar nach n-aithníonn sé an scaladh úd a chaochann é.
#Gaeilge #IrishLanguage #Poetry #Reading